Tá siopa Leabhar Breac ar oscailt mar is iondúil chun beartanna leabhar a sheoladh amach chuig ár léitheoirí ar an bpost.

cfra_ln_arrachta.jpg

Cófra Lán Arrachtaí

Enric Lluch

€30.00

€30.00: Na 6 leabhar: An Chailleach, Fear an Mhála, An Cnámharlach, An Zombaí, an Vaimpír agus An Mumaí

Bailiúchán pictiúrleabhar álainn lándaite atá sa tsraith 'Arrachtaí', agus í dírithe ar léitheoirí óga. Scéalta spraiúla grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar!