Feargal Ó Béarra

Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I mBothúna, ar an Spidéal, a tógadh é agus is i nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann. Tá tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn.  Is sa Bheilg atá sé ag cur faoi anois, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Seo í an chéad leabhar den chineál seo óna pheann, agus tá sé ag obair faoi láthair ar leabhar nua a bheas ar fáil in 2020.

Bhain an Béarrach 'Leabhar na Bliana' 2019 amach leis An Tromdhámh, agus tá an leabhar céanna ar an ngearrliosta do Ghradam An Post Irish Book Awards 2019. Tá leabhar nua ar na bacáin anois aige, 'Mé Suibhne', agus beidh sí ar fáil in 2020.

Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana'

'Leabhar na Bliana 2019'
Athinsint ar cheann de na mórscéalta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, Tromdhámh Guaire, aoir ó thús an 14ú hAois ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.

Tuilleadh