Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.