Tá siopa Leabhar Breac ar oscailt mar is iondúil chun beartanna leabhar a sheoladh amach chuig ár léitheoirí ar an bpost.

An Buille Scoir

Hugo Pratt

€7.50

40 lch;  clúdach bog; ISBN 978-1-909907-77-5 

Úrsceal grafach sa tsraith 'Corto Maltese'. 1918, tá Corn na hAfraice faoi cheannas Shasana. Nuair a roinneann an Captaen Bradt, ó na King's African Rifles, rún uafásach le Corto Maltese, tagann an dún atá á chosaint aige faoi ionsaí ón 'Mullá Mire', an ceannaire Somálach Mahmad Abdullah Hassan. Caithfidh Corto rogha a dhéanamh: éalú nó cabhrú leis an gcaptaen - fear atá daortha chun báis ag cara Chorto, an gaiscíoch Danaicíleach Cuis!