1918, tá Corn na hAfraice faoi cheannas Shasana. Nuair a roinneann an Captaen Bradt, ó na King's African Rifles, rún uafásach le Corto Maltese, tagann an dún atá á chosaint aige faoi ionsaí ón 'Mullá Mire', an ceannaire Somálach Mahmad Abdullah Hassan. Caithfidh Corto rogha a dhéanamh: éalú nó cabhrú leis an gcaptaen - fear atá daortha chun báis ag cara Chorto, an gaiscíoch Danaicíleach Cuis!
1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.
Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu: Baile.
Saol crua anróiteach an sclábhaí atá i ndán don Rómhánach óg, Pádraic, nuair a thugtar go hÉirinn é ag Niall na Naoi nGiallach. Ach nuair a thagann a dheis éalaithe tá contúirtí a dhóthain fós roimhe. Is ar óige Naoimh Pádraig atá an t-urscéal grafach seo bunaithe — an chéad úrscéal grafach a rinneadh in Éirinn! Ghnóthaigh sé duais Bisto i Mí Bealtaine 2002.