Scríbhneoir Meiriceánach ab ea John Steinbeck a rugadh i Salinas i gCalifornia. Scríobh sé seacht leabhar is fiche, agus orthu sin bhí The Grapes of Wrath (1939), East of Eden (1952) agus Of Mice and Men (1937). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1962 agus cailleadh in Nua Eabhrac é in 1968.

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal faoi bheirt spailpíní, George agus an fathach mór 'simplí' Lennie, i gCalafóirne sna 1930dí. Sa rainse ina bhfaigheann siad fostú, tá bean óg dhathúil. Is é an dúil atá aicise sna fir, agus an t-éad atá ina fear céile, agus an tsoineantacht atá in Lennie, is bunábhar don tragóid atá in Ar Luch agus ar Dhuine.

Tuilleadh