An séú leabhar maisithe ag Peter Donnelly sa tsraith Lúsaí le Maire Ní Ghallchobhair (don aoisghrúpa 6-7). Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá Lúlú i dtrioblóid. Tá rótvaidhléir mór crosta ag an gcomharsa bhéal dorais, agus tá Lúlú scanraithe roimhe. Ach tá leigheas an scéil ag Jeaic. Má mheascann sé na ceimicí cearta beidh sé in ann deoch speisialta a dhéanamh do Lulú - agus í a dhéanamh mór millteach!
Tá Jeaic ag foghlaim faoi na sean-Ghaeil ar scoil. Ba bhreá leis a bheith beo thiar san am sin. Déanann sé meaisín ama le taisteal siar in am agus casadh leis an seanlaochra Gaelacha. Tá súil againn go n-oibreoidh an meaisín i gceart!
Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear na seanchlasaicí áille seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhair iad seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.