Máire Uí Dhufaigh

Rugadh agus tógadh Máire Uí Dhufaigh (Ní Chonghaile) in Inis Oírr i gCuan na Gaillimhe. Tá blianta caite aici i mbun múinteoireachta, agus bhí sí ina comhordaitheoir ar an tionscadal a chuir an pacáiste teagaisc Séideán Sí ar fáil do bhunscoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá dhá leabhar ficsin scríofa aici sa tsraith 'Oileán na Leice'.

Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil sa ghnó a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti. Chun éad a chuir air glacann sí le cuireadh dul amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite.
Tuilleadh
In Oileán na Leice, ar chósta thiar na hÉireann, níl ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi a gcaithfidh sí féin is a cairde laethanta fada an tsamhraidh - agus cén chaoi a meallfaidh sí Séamas Jim, dár ndóigh. Nuair a thugann siad cuairt oíche ar sheanstáisiún an Gharda Cósta ardaítear ceisteanna faoi thaibhsí, agus seanscéal faoi fhear a d'imigh gan tásc gan tuairisc as an oileán céad bliain roimhe sin. Ach níl ann ar fad ach spraoi, nó go dtarlaíonn rud éigin uafásach a chuireann saol Chaitríona agus a cairde in aimhréidh. Úrscéal breá nua do dhéagóirí is ea An Garda Cósta agus é lán le heachtraíocht, le corraíl agus le draíocht an tsamhraidh. An Garda Cósta: Léigh sliocht as an leabhar
Tuilleadh