Pénélope Bagieu

Is cartúnaí agus úrscéalai grafach í Pénélope Bagieu.

I bPáras in 1982 a saolaíodh Pénélope Bagieu. Tar éis di dioplóma a bhaint amach ag an École Nationale Supérieure des Arts Décoratifs, foilsíodh an chéad ghreannán léi sa tsraith 'Josephine' i 2008. Is é Corp an Duine Uasail an chéad úrscéal grafach léi. Foilsíodh California Dreamin' léi in 2015 agus La Page Blanche (i gcomhar le Boulet) in 2012.

A leithéid de mhaidin!

A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.
Tuilleadh

“Beidh ‘chuile shórt go breá ... tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.”
Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi.
Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta.

Tuilleadh