René Goscinny
Scríbhneoir coimicí agus leabhar do pháistí ab ea an Francach, René Goscinny. Maireann a cháil go hidirnáisiúnta mar gheall ar an tsraith iomráiteach Asterix, ach go háirithe (obair a rinne sé i gcomhar leis an ealaíontóir Albert Uderzo), agus a bhfuil scannáin déanta de anois. Cailleadh é sa bhliain 1977.
Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObeli x agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach. An dtiocfaidh siad ar Amerigix nó an mbeidh corrán óir nua chun an bhaile leo i gcomhair Ogamaix?
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá an Ghaill faoi smacht ag arm Iúil Caesar, ach amháin an sráidbhaile ina gcónaíonn Asterix agus a chairde dochloíte. Tagann neart as cuimse iontu nuair a ólann siad an téilicsir a dhéanann Ogamaix, draoi. Faigheann taoiseach céid na Rómhánach amach faoi sin agus ordaíonn dá chuid saighdiúirí an draoi a ghabháil. Ach tá Asterix glic… saorfaidh sé Ogamaix agus fágfaidh sé na Rómhánaigh briste bearrtha.
Asterix Gliaire
René Goscinny€9.95
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá Dándírix, file ón sráidbhaile Gallach, gafa ina phríosúnach ag na Rómhánaigh. Imíonn Asterix agus Obelix ar thuras contúirteach chun é a shábháil. Ach tá Dándírix faoi ghlas sa sorcas mór agus níl aon ní i ndán dó ach troid leis na leoin. Ní éiríonn le hiarrachtaí Asterix agus Obelix go dtí go bhfaigheann siad post a thugann cead isteach sa sorcas dóibh. Samhlaigh an t-iontas a bheidh ar na Rómhánaigh nuair a thiocfaidh Asterix agus Obelix ina láthair agus iad ina ngliairí!
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá an Bhreatain faoi smacht na Rómhánach, seachas sráidbhaile beag amháin a choinníonn arm na Róimhe amach. Ach is deacair dóibh an fód a sheasamh agus iarrann siad cabhair ar Asterix agus a chairde. Tugann Asterix agus Obelix bairille éilicsir draíochta leo chun na Breataine. Misean fíorchontúirteach atá ann, agus, i ndiaidh do na Rómhánaigh greim a fháil ar an bhairille, níl cuma rómhaith ar chúrsaí. Sin an uair a chuimhníonn Asterix ar na duilleoga a thug Ogamaix draoi dó, agus atá aige ina phóca — duilleoga a chuirfidh cor i stair an domhain!