Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObeli x agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach. An dtiocfaidh siad ar Amerigix nó an mbeidh corrán óir nua chun an bhaile leo i gcomhair Ogamaix?
Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan.
Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann leis an ngrá speisialta idir athair agus mac — scéal a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann sé cé mar a dhéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó go gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeáineann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh gearleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachaint trí chlisteacht agus obair chrua. Rinneadh scannán den leabhar in 1989, agus tá sé ar cheann de na leabhair is cáiliúla le Roald Dahl.
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá Dándírix, file ón sráidbhaile Gallach, gafa ina phríosúnach ag na Rómhánaigh. Imíonn Asterix agus Obelix ar thuras contúirteach chun é a shábháil. Ach tá Dándírix faoi ghlas sa sorcas mór agus níl aon ní i ndán dó ach troid leis na leoin. Ní éiríonn le hiarrachtaí Asterix agus Obelix go dtí go bhfaigheann siad post a thugann cead isteach sa sorcas dóibh. Samhlaigh an t-iontas a bheidh ar na Rómhánaigh nuair a thiocfaidh Asterix agus Obelix ina láthair agus iad ina ngliairí!
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá an Bhreatain faoi smacht na Rómhánach, seachas sráidbhaile beag amháin a choinníonn arm na Róimhe amach. Ach is deacair dóibh an fód a sheasamh agus iarrann siad cabhair ar Asterix agus a chairde. Tugann Asterix agus Obelix bairille éilicsir draíochta leo chun na Breataine. Misean fíorchontúirteach atá ann, agus, i ndiaidh do na Rómhánaigh greim a fháil ar an bhairille, níl cuma rómhaith ar chúrsaí. Sin an uair a chuimhníonn Asterix ar na duilleoga a thug Ogamaix draoi dó, agus atá aige ina phóca — duilleoga a chuirfidh cor i stair an domhain!