Taoiseach, saighdiúir, file, agus prionsa Gaelach ar an nós Eorpach ba ea Mánas Ó Dónaill. Bhí gean aige ar fhilí agus ar fhilíocht, agus chuir sé féin an leabhar 'Beatha Cholmcille' á scríobh.
Bhí Tadhg Dall Ó hUiginn ar dhuine d'fhilí móra na nGael. Bhain sé le teaghlach filí cáiliúil ó thuaisceart Chonnacht. Trína chuid filíochta chuir sé aithne ar thaoisigh mhóra a linne - Ó Néill, Ó Dónaill, Ó Conchúir Shligigh, agus Búrcaigh Chonnacht.
Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach agus ar an laoch Laighneach, Fiacha Mac Aodha Ó Broin. Sheas sé an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael.
Tá maisiúchán gleoite déanta ar an leabhar seo ag an ealaíontóir Jonathan Barry.