Cófra Lan Arrachtaí!
Sé phictiúrleabhar álainn lándaite atá sa tsraith 'Arrachtaí' agus iad dírithe ar léitheoirí óga 8-9 mbliana d'aois. i ngach leabhar tá scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar!
An Vaimpír
Enric Lluch€7.50
Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar. Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!
An Chailleach
Enric Lluch€7.50
Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid!
An Cnámharlach
Enric Lluch€7.50
Tá Cnáimhín ag iarraidh peil a imirt, mar a dhéanann daoine. Ach tá a mhuintir ag iarraidh a mhíniú dó gur cnámharlach é, agus nach féidir leis peil a imirt. Ach an stopfaidh sé sin Cnáimhín?
An Mumaí
Enric Lluch€7.50
Tá an teas casta as sa mhúsaem agus tá faitíos ar an mumaí agus a chairde go mbeidh siad fuar. Le cabhair an leoin, socraíonn an mumaí dul ar ais go dtí an Éigipt. Ach is fada an bealach é!
An Zombaí
Enric Lluch€7.50
Níl sé éasca zombaí maith a fháil. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí don chomórtas mór zombaithe, ach meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?
Cófra Lán Arrachtaí
Enric Lluch€30.00
Bailiúchán pictiúrleabhar álainn lándaite atá sa tsraith 'Arrachtaí', agus í dírithe ar léitheoirí óga. Scéalta spraiúla grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoc
Fear an Mhála
Enric Lluch€7.50
Níl saol éasca ag Fear an Mhála sa lá atá inniu ann. Is deacair páistí a scanrú. Ní hamháin sin, ach tá go leor acu chomh tanaí agus nach féidir iad a ithe!