Ba bhreá le Cleite a bheith ina rí ar na canablaigh. Agus é ar an bhfarraige, séidtear bád beag Chleite sa stoirm. Tagann long an chaptaein Feasóg Fhionn ar an mbád agus tugann sé Cleite ar bord. Cuirtear ag obair é, ag glanadh na loinge. Ach cuireann Cleite aithne ar Chrúca Beag, foghlaí mara beag eile cosúil leis féin. In éineacht le Crúca Beag, tugann Cleite cuairt ar oileán tréigthe — nó beagnach tréigthe. Níl ar an oileán ach Péarla, banphrionsa na gcanablach....
Tá athair is máthair Chleite de shíor ag troid. Ar chomhairle a chara, Crúca Beag, téann Cleite ag cuardach órchiste atá i bhfolach ar Oileán na Seacht gCloigne. 'Má thagann sibh ar órchiste, is cinnte go ndéanfaidh bhur dtuismitheoirí cóisir mhór. Casfaidh bhur máthair an chláirseach agus casfaidh bhur n-athair an troimpéad agus ina dhiaidh sin gabhfaidh siad ag damhsa ar an deic. Beidh siad mór le chéile arís ansin.' 'An gceapann tú?' a d'fhiafraigh Cleite de.
'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna Beaga lena mhac. 'Mar sin, tabhair dom bogha,' arsa Níotú, 'agus maróidh mé na hainmhithe is fearr ar domhan chun na craicne is fearr a fháil.' Is mac le taoiseach na dTípíonna Beaga é Níotú, agus taispeánfaidh sé don treibh ar fad gurb eisean an sealgaire is fearr!
'Chonaic Níotú rud éigin a chuir an cluiche as a cheann. Bhí racún óg ina luí in aghaidh an chrainn agus é beagnach i bhfolach faoi na duilleoga. D'ardaigh an t-ainmhí a chloigeann. Bhí éadan dubh agus bán air, cosúil le masc. Lig sé cnead as.' Shocraigh an tIndiach beag ar aire a thabhairt don racún agus peata a dhéanamh de, ach ba ghearr gur tuigeadh go mbeadh trioblóid leis. . .
Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Há! Há! arsa Pacó. ‘Níl sé éasca eitilt gan sciatháin!’
Tá sé in am ag Níotú capall dá chuid féin a bheith aige, ach tá sé níos deacra breith ar chapall fiáin agus é a cheansú ná mar a cheapann an tIndiach beag.
‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.
Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis....
Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear na seanchlasaicí áille seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhair iad seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Sé úrscéal mhaisithe atá sa bhailiúchán 'Níotú' don aoisghrúpa 7+, sé scéal faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde. Leabhair ghleoite atá sa bhailiúchán faoi na heachtraí a bhaineann do Níotú agus a chairde, agus an nádúr agus an timpeallacht mar chúlra le gach scéal. Leabhair iad seo a mhúineann tabhacht an nádúir don ghasúr.