Óráidí na Staire

Ó tá an stair ina stair tá an óráid phoiblí ina gléas cumhachtach cumarsáide. Tá pabhar i mbriathra a deirtear os comhair slua. Baintear feidhm as óráidí ar iliomad cúiseanna— daoine a ghríosú chun gnímh, an éagóir a chur ina ceart, cath a chur ar an tíoránacht, an grá a chraobhscaoileadh, misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, tuairimí nua a nochtadh, eolas a thabhairt. Faraor, baintear feidhm astu freisin chun críoch eile is táire ná sin — an t-olc agus bréaga a scaipeadh, an dubh a chur ina gheal ar dhaoine, paisin fhuafara a chorraí. Cá hiontas go raibh an óráidíocht ar na healaíona is mó meas sa domhan clasaiceach agus go ndúirt Cicearó nach raibh rud ar bith chomh dochreidte sin nárbh fhéidir a dhéanamh inghlactha le hóráidíocht.