Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha. Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.
Feiceann Alastar go leor rudaí deasa ag an gcarnabhal. Ach ní féidir leis iad ar fad a bheith aige. Nó an féidir?
Pictiúrleabhar is ea Ag an gCarnabhal sa bhailiúchán Cosa Beaga do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Tá pluais ar an sliabh. Le faitíos a chur air, deir na páistí le Dónall go bhfuil rud éigin ina chónaí inti. Ach an bhfuil an ceart acu?
Pictiúrleabhar is ea An Phluais sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Leabhar eiler sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a
Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta! Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.