Kingston, Iamáice, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin chun farraige sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach, an captaen Roc. Gabhann cabhlach Shasana iad, agus caitear i gcillín iad in oileán Iamáice. Ach le chéile, faigheann siad cabhair ó na foghlaithe mara, Parabas agus Marie Dhearg, agus déanann siad iarracht éalaú ó Iamáice le dul sa tóir ar a n-athair arís. Ach ní hiad amháin atá ar a thóir!
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní bhfuair gach aon duine cuireadh. Tá sióg ghránna amháin nach bhfuil an-sásta nach bhfuair seisean cuireadh chuig an mbainis, agus nuair a thagann sé chuig an mbainis ní ceiliúradh ata ar intinn aige!
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh (nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin sa tóir ar a n-athair. Le chéile, fágann siad Páras agus tugann siad aghaidh ar an gcósta. Castar an Fheasóg Dhubh orthu, agus foghlaí mara eile a insíonn dóibh go bhfuil a n-athair beo, agus go bhfuil a mbeatha i mbaol. Agus, gan súil ar bith acu leis, tugtar ar bord loinge iad. Leis sin, cuirtear tús le heachtraí móra farraigí agus leis an gcéad leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh.
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!
Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid!