Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintir dá chéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.