I dTír Strainséartha

Liam Mac Cóil

15.00

I dTír Strainséartha: 384 lch clúdach bog;  978-1-909907-53-9

An dara leabhar sa tsraith ‘Lúcás Ó Briain’ (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.

Is í I dTír Strainséartha an dara leabhar i sraith úrscéalta le Liam Mac Cóil suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

Page-turner…. Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a’Bhaird, Gaelscéal
Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil’s Galway… An Litir is a singular achievement. — Pól Ó Muiri, The Irish Times

“Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie