Pictiúrleabhar cláir sa tsraith 'Ag léamh le Caitlín agus Cormac' maisithe ag Silvia Ortega: Táimid ag foghlaim faoi leabhair. Tá an lá caite ag Caitlín agus Cormac ag taisteal. Agus nuair a thiteann an oíche, téann siad ag taisteal lena gcuid leabhar.
Pléann an leabhar seo le leabhair agus le buanna na léitheoireachta. I gcomhtheacs an taistil agus na samhlaíochta,
taispeánann an leabhar seo gur féidir taisteal a dhéanamh ar leathanaigh leabhair.
Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha. Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.
Is maith leis na colúir arán. Ach tá colúr amháin bacach ann nach bhfaigheeann arán ar bith le hithe. Tá Cáitín agus Pól ag iarraidh cabhrú leis.
Pictiúrleabhar is ea An Colúr Bacach sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Inniu, tá Macán Mac Tíre ag imeacht ar saoire — agus, den chéad uair riamh, beidh sé ag taisteal in eitleán! Amanna, déanann Macán rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Inniu, tá Macán Mac Tíre ar an trá lena Mhamó agus lena chol ceathrar Lúna. Tá a gcuid éadaí snámha acu, buicéad agus spáid, agus picnic bhreá — nach acu a bheidh an spraoi! Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Tá a gobán súraic caillte ag a dheifiúr BabaTíre. Tá sí trína chéile — an féidir le Macán cabhrú léi? Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.