Smacht

Colm Mac Confhaola

9.00

312 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-87-2

Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d’fhág sí ina diaidh sa tseanscoil.

Fite fuaite i scéal Rós tá scéal an mhúinteora idéalaigh agus a choimhlint leis an scoil, tá scéal an tsagairt atá i gcoimhlint leis an ól, tá scéal na mbulaithe agus na mboicíní áitiúila. Trí na scéalta éasgsúla seo, déanann an t-údar léiriú ar ghnéithe tábhachtacha den tsochaí chomhaimseartha, agus é sin déanta ar bhealach atá soléite, taitneamhach.

“Scéal corraitheach scanrúil a dhéanann léiriú údarásach ar réimse leathan d’fhadhbanna sóisialta agus síceolaíochta an tsaoil. Sampla cumasach é seo den réalachas sóisialta a mhúsclaíonn trua, déistean agus fearg sa léitheoir, agus a thugann lón machnaimh dó san am céanna.” —Moltóir, Oireachtas 2012

Léigh sliocht as Smacht