r_na_piste.jpg

Ór na Péiste

Alain Surget

€7.50


96 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-82-

Bratach na gCnámh 4: Ór na Péiste
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Ag teannadh le cósta Mheicsiceo, cloiseann Louise Bheag agus Benjamin go bhfuil a n-athair sa tóir ar ór na nIncach.  Ach ní mar a síltear bítear. Is gearr go mbíonn an cúpla i gcroílár na foraoise, i gcathair Phéist na gCleití. Agus níl ansin ach a thús!

Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d'aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann  siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara.

"Cheapfá gur i nGaeilge bhlasta a scríobhadh na leabhair ar dtús. D’alp na gasúir mhóra (7 & 9 mbliana, cailín agus buachaillí) siar na chéad trí leabhar sa tsraith agus gheobhaidh siad na trí leabhar eile an Nollaig seo."
— blog gasúirlegaeilge