Marú na hApann
In Iarthar na hAlbain, ar an 14 Bealtaine 1752, a tharla Marú na hApann, nó Murt na h-Apann mar a thugtar sa Ghàidhlig air. Caitheadh Cailean Rua Caimbeul i Leitir Móir gar do Bhaile a’ Chaolais san Apainn agus d’éalaigh an fear a chaith é, gan a fheiceáil ag lucht chuideachta an Chaimbéalaigh. Baineann an marú seo le hiarmhairt fhuilteach Éirí Amach na Seacaibíteach in 1745, agus aithnítear go coitianta gur éagóir mhór a bhí sa chás cúirte a lean an dúnmharú.
Bliain an Teàrlaich agus Cùil Lodair
Cé nach fios fós cé a mharaigh Cailean Rua, measadh ag an am, agus ó shin, gur bhain an dúnmharú leis an gcoimhlint idir Seacaibítigh (nó Seaumasaich, mar a tugadh orthu i nGàidhlig na hAlban) agus lucht leanúna Sheoirse II (teaghlach Hanover) a bhí i gcoróin Shasana agus Éireann ag an am.
Ó baineadh an choróin den rí Stíobhardach, Séamas II, in 1688, thacaigh formhór na dteaghlach i nGaeltacht na hAlban le teaghlach Shéamais, agus thacaigh na Caimbéalaigh le Rí Seoirse. Caitlicigh a bhí i bhformhór na ndaoine i nGaeltacht na hAlban, ag an am, ach Protastúnaigh a bhí sna Caimbéalaigh — teaghlach a bhí ag leathadh amach go láidir sa Ghaeltacht agus a raibh smacht á dtógáil acu ar thailte a gcomharsan. Tháinig an choimhlint chun fóir le hÉirí Amach 1745, agus nuair a briseadh na Seacaibítigh agus an ‘Prionnsa Teàrlach’ (mac mic Shéamais II) i gCath Chùil Lodair cuireadh an tóir orthu ar fud na Gaeltachta. Mar gur lean Stíobhardach Ard Seile ag tacú leis na Seacaibítigh san Apainn, baineadh a gcuid tailte díobh sin agus de go leor eile, agus ba é Cailean Caimbeul a ainmníodh ina mhaor ar a gcuid tailte.
An Marú
Duine de theaghlach Chaimbéalaigh Ghlinn Iubhair ab ea Cailean Rua (nó an Sionnach Rua mar a thugtaí air). Maor cíosa a bhí ann don rialtas agus, an lá sin i gcoill na Leitreach Móire, ba ar a bhealach go dtí an Apainn a bhí sé, áit a raibh tionóntaí le cur dá gcuid tailte aige an lá ina dhiaidh sin. Ina chuideachta bhí a nia an dlíodóir Mungo Caimbeul agus beirt ghiollaí. Ag marcaíocht a bhí Cailean Rua agus a nia, an Linn Dhubh thós fúthu ar thaobh na láimhe clé, agus an talamh ag ardú go Bieinn a' Bheithir ar thaobh na láimhe deise. Nuair a caitheadh an t-urchar thit an Caimbéalach fuar marbh sa diallait, agus d’éalaigh an naoscaire uathu sna crainn ar shleasa Bheinn a’ Bheithir.
Mar gur ar a bhealach go dtí an Apainn a bhí an Caimbéalach, chun tailte a bhaint de Stíobardaigh ansin, ceapadh gurbh iad na Stíobhardaigh sin a mharaigh é, nó go raibh lámh acu ina bhás. D’éalaigh an fear ba mhó a rabhthas in amhras faoi, Ailean Breac Stiùbhart, agus gabhadh Seumas Stiùbhart, nó Seumas a’Ghlinne mar a tugadh air, agus cuireadh an dúnmharú ina leith. Cé go raibh fianaise láidir ann nach raibh an Stíobhardach ar an láthair, ciontaíodh é as páirt a ghlacadh sa dúnmharú. Seoirseach a bhí sa bhreitheamh, Giolla Easpaig Caimbeul 3ú Diúc Earra Ghael, (Mac Cailean Mór, taoiseach na gCaimbéalach); agus ba Chaimbéalaigh aon duine dhéag den 15 a bhí sa ghiúiré.
Crochadh Seumas a’Ghlinne ar an 8 Samhain 1752 i mBaile a’ Chaolais. D’aithris sé an 35ú Sailm roimh a chrochadh (nó “Sailm Sheumais a’Ghlinne”), agus mhaígh sé as a neamhchiontacht agus é ar an gcroch.
Cailean Rua agus na Filí
Duine a bhí i gCailean Rua Caimbeul a raibh an-ghean air, fiú i measc na Seacaibíteach. Scríobh Donnchadh Bàn Mac an t-Saoir marbhna air, "Cumha Chailein Ghlinn Iubhair". Go gairid sular maraíodh é, rinne an file Seacaibíteach Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair magadh faoi dhílseachtaí an Chaimbéalaigh ina aoir "An Airce".
Sa dán, gealltar pionós do na Caimbéalaigh as tréas in aghaidh an fhíor-rí, agus gealltar díle mhór ar thailte na gCaimbéalach. Ordaítear don fhile aithris a dhéanamh ar Naoi agus áirc a thógáil chun na Caimbéalaigh atá dílis don Stíobhardach a thabhairt slán, ach gealltar fliuchadh ar dtús do chuid acu chun a dtréas a ghlanadh.
Ge toil leam Cailean Glinn Iubhair
B' fheàrr leam gu'm b'iubhar 's nach b'fheàrna;
Bho 'n a threig e nàdur a mhuinntreach,
'S gann a dh'fhaodar cuim thoirt dà-san.
Cuir boiseid de ionmhas Righ Deorsa,
De smior an òir mu theis-meadhon;
'S ìobair e 'Neptun ge searbh e,
Mur grad-ainmich e 'n righ dlighneach.
Ailean Breac Stiùbhart
Maidir le hAilean Breac Stiùbhart, an té ar cuireadh ina leith gurb é a chaith an t-urchar, thug sé na cosa leis. Mac altrama le Seumas a’ Ghlinne a bhí ann. Liostáil sé in arm Shasana roimh Éirí Amach 1745 agus throid in éadan na Seacaibíteach i gCath Prestonpans. Nuair a buaileadh na Sasanaigh sa chath sin chuaigh sé in arm na Seacaibíteach. Tar éis bhriseadh na Seacaibíteach ag Cùil Lodair, theith Ailean Breac go dtí an Fhrainc i gcuideachta an Choirnéil Seurlas Stiùbhart, Stíobhardach Ard Seile. Cuireadh ar ais go hAlbain é ina dhiaidh sin, ag earcú saighdiúirí d’arm na Fraince. Ba ann a bhí sé nuair a maraíodh an Caimbéalach i gcoill na Leitreach Móire. Ceaptar gur fhill an Stíobhardach ar an bhFrainc ina dhiaidh sin, ach níor mhair aon fhianaise iontaofa ina thaobh.
Fianaise Nua
Sa bhliain 2001, scaoil Anda Penman, bean 89 bliain d’aois de shliocht thaoisigh Stíobhardach na hApann, rún a bhí sa teaghlach le 250 bliain. Dar léi, shocraigh ceathrar de thaoisigh óga na Stíobhardach an Caimbéalach a mharú gan chead ó Sheumas a’ Ghlinne. Bhí sé ina chomórtas lámhaigh eatarthu agus roghnaíodh Dòmhnall Stiùbhart ó Bhaile a’ Chaolais chun an beart a chur i gcrích. De réir an scéil, bhí Dòmhnall ag iarraidh é féin a thabhairt suas ach chuir a mhuintir stop leis. Cúpla bliain tar éis mharú Sheumais a’Ghlinne, nuair a tugadh an corp ar ais dá mhuintir lena chur, ba é Dòmhnall féin a bhí freagrach as níochán na gcnámh roimh an tsochraid.
Ina thaighde ar Mharú na hApann mheas an Dr Lee Holcombe, de réir na bhfianaisí, gurbh é Séamas an Ghleanna a d’ordaigh Cailean Caimbeul a lámhach. Shíl sí nárbh é Ailean Breac Stiùbhart, ach Dòmhnall Stiùbhart, a chaith an piléar. Tá an cheist á cur trí chéile fós.
Robert Louis Stevenson
In 1886 foilsíodh úrsceal le Robert Louis Stevenson ar Mharú na hApann, An Fuadach (Kidnapped). San úrscéal tá an scéalaí, Dáibhí Balfúr, i láthair ag marú an tSionnaigh Rua agus, in éineacht le hAilean Breac Stíobhaird, castar Séamas an Ghleanna air agus téann sé ar a choimeád i nGaeltacht na hAlban. Téann an bheirt acu ar aistear trassna na hAlban le héalú ó na Cótaí Dearga.
© Leabhar Breac, 2016
Tagairtí
Carney, Seamus, The Appin Murder: The Killing of the Red Fox, Birlinn Ltd., 2011
Chambers, Robert, History of the Rebellion of 1745–6 (W. & R. Chambers, 1869).
Duffy, Christopher, The '45 (Cassell, 2003).
Gibson, Rosemary "The Appin Murder"; History Scotland 3, Ean–Feabhra 2003.
Holcombe, Lee (2004). "Ancient Animosity, The Appin Murder and the End of Scottish Rebellion". Bloomington, IN: Author House.
Hunter, Jim, Culloden and the Last Clansman, Mainstream Publishing, June, 2001.
MacDonald, Rev. A. (1924). The Poems of Alexander MacDonald (Mac Mhaighstir Alasdair): 258–261. Inbhear Nis: Northern Counties Newspaper and Print. and Pub. Co.
Nimmo, Ian (2005). Walking with Murder: On the Kidnapped Trail, Birlinn Ltd.