Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

bodach_an_chta_lachna.jpg

Bodach an Chóta Lachna

Darach Ó Scolaí

€7.50

40 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-60-5

Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. 'Caol an Iarainn is ainm dom,' a dúirt sé. 'Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.' Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. 'Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,' a dúirt Bodach an Chóta Lachna.

Ag leanúint den leabhar 'An Bradán Feasa', seo é an dara leabhar sa tsraith nua Fionn do léitheoirí óga 8-10 mbliana. Athinsint do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne. Ar na leabhair eile a bheidh sa tsraith tá 'An Giolla Deacair', 'Sí Chuilinn' agus 'Bran agus Sceolán' (2012). Eiseofar cluiche cláir na sraithe Ardrí don Nollaig 2011.

"Fíorshnasta.... Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga." —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal