Deir na Gardaí go bhfuil robálaí sa cheantar. Tá Daidí agus Mamaí ag iarraidh fáil réidh le Lúlú, agus madra faire a cheannach ina háit. Ach tá plean níos fearr ag Jeaic. Déanfaidh sé róbat mór a bhéarfaidh ar an robálaí. Ach níl Mamaí agus Daidí róchinnte faoi sin!
Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid!
Níl saol éasca ag Fear an Mhála sa lá atá inniu ann. Is deacair páistí a scanrú. Ní hamháin sin, ach tá go leor acu chomh tanaí agus nach féidir iad a ithe!
Tá an teas casta as sa mhúsaem agus tá faitíos ar an mumaí agus a chairde go mbeidh siad fuar. Le cabhair an leoin, socraíonn an mumaí dul ar ais go dtí an Éigipt. Ach is fada an bealach é!
Tá amhras ar Timmy faoi dhaoine ar an traein. Tá rud éigin thar a bheith aisteach faoi dhuine de na paisinéirí. Céard atá ar siúl? Agus cén chaoi a bhfaighidh an Cúigear fios an scéil? Scéal eile sa tsraith An Cúigear Cróga, agus é lándaite arna mhaisiú ag Jamie Littler. Aistrithe go Gaeilge ag Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!