'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna Beaga lena mhac. 'Mar sin, tabhair dom bogha,' arsa Níotú, 'agus maróidh mé na hainmhithe is fearr ar domhan chun na craicne is fearr a fháil.' Is mac le taoiseach na dTípíonna Beaga é Níotú, agus taispeánfaidh sé don treibh ar fad gurb eisean an sealgaire is fearr!
Níl Mac Tíre sásta siúl in áit ar bith níos mó. Tá sé tuirseach den siúl! Ach mura bhfuil sé sásta siúl, an mbeidh air carr a thiomáint, eitilt in eitleán, nó seoladh i mbád? Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéan=ann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl. Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil.
Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.