Darach Ó Scolaí
Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana 2008'. Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos(2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.
Léirigh an compántas Salamandar an dráma is deireanaí leis, An tSeanbhróg i 2009, agus rinne sé camchuairt na tíre lena dhráma Craos i 2008 agus An Braon Aníos i 2007. Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín amach, agus an BBC Stewart Parker Award, agus rinneadh cóiriú do Raidió na Gaeltachta ar Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos i 2009. Chomh maith le saothar cló agus stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) An Leabhar (2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (2010).
Úrscéalta
Na Comharthaí, 2014
An Cléireach, 2008
Leabhair do Pháistí
Bodach an Chóta Lachna
An Bradán Feasa
Dóiteoir na Samhna
Drámaí
An tSeanbhróg, 2007
Craos, 2008
An Braon Aníos, 2006
Coinneáil Orainn, 2005
Eile
An Ceithearnach Caolriabhach, 2004
Feis Tigh Chonáin, 2000