Foghlaithe mara, píoráidí, bucainéirí, agus corsaeir
Robálaí farraige is ciall le foghlaí mara. Ar bháid agus ar longa a oibríonn na foghlaithe mara, agus is gnách leo ionsaithe a dhéanamh ar longa tráchtála nó ar bhailte cósta.
Cé go raibh foghlaithe mara ann ó thús ama, is é an tréimhse 1600 go 1800 ré órga na bhfoghlaithe mara. Nuair a ghabh an Spáinn seilbh ar Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas, ghoid siad ór na nAxtec agus na nInca, agus chuir siad lastaí óir trasna an Atlantaigh i longa go dtí an Spáinn.
Na Longa Óir
Ar a mbealach trasna an Atlantaigh, tháinig na longa óir faoi ionsaí ag corsaeir ón bhFrainc agus ó Shasana. Foghlaithe mara a raibh ceadúnas acu a bhí sna corsaeir. Thugadh rialtaisí na hEorpa ceadúnais d'fhoghlaithe mara ionsaithe a dhéanamh ar loingeas tráchtála a gcuid naimhde in aimsir chogaidh. Tugadh corsaeir freisin ar na fofghlaithe mara a mhair ar Chósta na mBeirbeireach i dTuaisceart na hAfraice. I ngailléithe a throid siad sin. Dhéanaidís ionsaithe ar bháid agus ar bhailte cósta chun príosúnaigh a thógáil agus a dhíol mar sclábhaithe.
Sa Mhuir Chairb tháinig na longa óir faoi ionsaí ag bucainéirí i mbáid bheaga. Bucainéir a tugadh ar na foghlaithe mara a mhair sna hoileáin i Muir Chairb. Is ón 'boucan' nó feoil deataithe a d'ith siad a tugadh an t-ainm sin orthu.
Ba é Bratach na gCnámh an bhratach ba choitianta a bhí ag na foghlaithe mara. Dá mbéarfaí ar an bhfoghlaí mara chrochfaí é, mar sin bhí sé de cháil orthu go dtroidfidís go fiachmhar agus nach ngéillfidís go héasca. Nuair a d'fheiceadh máirnéalaigh Bratach na gCnámh ar foluaiin ar long thagadh faitíos a gcraicinn orthu!
An Saol nar an bhFarraige
Saol crua a bhí i saol na farraige, agus saol níos cruaichte fós a bhí i saol an fhoghlaí mara! Báid seoil agus longa seoil a bhí ar an bhfarraige sa 17ú agus sa 18ú hAois. Bhraith na longa ar an ngaoth ar an bhfarraige. Bhíodh maidí rámha ar bháid agus ar ghaillithe agus bhí siad in ann gluaiseacht nuair a bhí an fharraige ina cailm.
Na Báid
Soithigh adhmaid a bhí sna longa agus ba mhinic an criú brúite i mullach a chéile faoin deic, nó ag dreapadh go hard sna crainn seoil. Chaithidís seachtainí ar an bhfarraige agus iad i mbaol ó stoirmeacha agus longbhriseadh, agus gan le hithe agus le hól acu ach brioscaí agus feoil shailte agus ruma agus uisce tríd. Ba mhinic an t-uisce salach tar éis cúpla seachtain ar an bhfarraige.
Báid bheaga a bhíodh ag na bucainéir thart ar na hoileáin ar Mhuir Chairb. Thimpeallóidís na longa mór agus bhordáilidís iad. Nuair a bhíodh an criú tógtha acu bhainidís an lasta den bhád. Ba mhinic leo an criú a choinneáil mar ghiallaí agus iad a dhíol lena muintir. Bhí longa níos mó in úsáid ag foghlaithe mara ar an Aigéan Atlantach. Briogaintíní, nó longa beaga sciobtha ab fhearr leo ionas go bhféadfaidís éalú nuair a thiocfadh longa cogaidh orthu nó seoladh isteach ar an tanaí uathu.
Mar gheall ar an gcontúirt a bhí san fharraige agus ar an gcruatan a bhíodh orthu chaitheadh smacht láidir a bheith ag captaen loinge ar a chriú. Is iomaí mairnéalach a ceanglaíodh den chrann seoil chun lascadh a fháil den 'chat' nó cat na naoi n-eireaball (mar a thugtaí ar an bhfuip)!
Saol an Fhoghlaí Mara
Má bhí saol crua ag an máirnéalach ar an bhfarraige bhí saol níos cruaichte fós ag an bhfoghlaí mara! Ba é an píonós a ghearrtaí ar fhoghlaí mara an t-am sin ná an chroch. Mar sin, ní raibh aon trócaire aige do mhairnéalaigh ná do thaistealaithe farraige.
Nuair a ghabhadh foghlaithe mara seilbh ar long lastais roinnidís an lastas ar an gcriú. Thógaidís criú na loinge freisin ina ngiallaithe agus dhéanaidís iarracht iad a dhíol ar ais lena muintir.
Ba nós le córsaeir Chósta na mBeirbeireach criúnna loinge a dhíol mar sclábhaithe san Afraic nó a chur ag iomradh ina gcuid gaillithe. Obair fíorchrua a bhí ansin. Cheanglaítí na fir iomraidh le slabhraí agus ba mhinic go bhfaighidís bás den obair chrua nó go mbáifí iad.
Bhí sé de cháil ar fhoghlaithe mara go gcuiridís a gcuid cistí óir i bhfolach ar oileáin chiúine. Chuir an foghlaí mara Albanach an Captaen Kidd órchiste i bhfolach ar oileán taobh amuigh de Nua-Eabhrac. Nuair a gabhadh é tháinig an gobhanóir ar órchiste ann ach creidtear go bhfuil tuileadh ann, agus tá daoine fós ar thóir an óir!
Long John Silver
San úrscéal clúiteach Oileán an Órchiste le Robert Louis Stevenson, tagann an laoch Jim Hawkins ar mhapa (pictiúr ar clé) d'órchiste foghlaithe mara agus téann sé chun farraige lena chairde ar thóir an óir. Ach, agus iad ar an bhfarraige, déanann Long John Silver agus a chuid foghlaithe mara iarracht an long a thógáil agus an t-ór a ghoid uathu.
Tharlaíodh easaontas agus troid go minic idir foghlaithe mara. Mar phíonós, is minic foghlaithe mara 'marúnaithe' nó curtha i dtír ar oileáin bheaga tréigthe le bás a fháil den ocras agus den tart.
Pianós eile a bhí i dTarraingt na Cíle. Chuirtí rópa faoi chabhail na loinge, cheanglaítí an príosúnach den rópa agus tharraingtí faoin mbád é ó thaobh amháin go dtí an taobh eile. Ba mhinic go mbáití é.
Is ag Siúl an Chláir a bhíodh an duine a chuirtí chun báis. Cheanglaítí lámha an phríosúnaigh agus chuirtí púicín air agus chuirtí iallach ar siúl amach ar chlár thar shlat an bháid nó go dtitfeadh sé i bhfarraige agus go mbáifí é.
Foghlaithe mara cáiliúla
Ar na foghlaithe mara ba chailiúla ar am bhfarraige mhór bhí Edward Teach nó an Fheasóg Dhubh mar athugtaí air agus an Captaen Kidd (1645-1701). Cheanglaíodh an Fhéasóg Dhubh ribíní dá fhéasóg agus lasadh sé iad chun scanradh a chur ar an namhaid. Albanach a bhí i William Kidd a bhí ina chorsaer de chuid Shasana sa Mhuir Chairb ar dtús. D'imigh sé lee foghlaíocht mhara agus crochadh i Londain é ar bhruach na Thames.
Bhí cáil freisin ar na foghlaithe mara ban, Mary Read agus Anne Bonny, beirt a bhí páirteach leris an bhfoghlaí mara Calico Jack. Gabhadh an bheirt acu i 1720, ach in áit iad a dhaoradh chun báis gearradh príosúin saoil orthu.
Mná ar an bhFarraige
In Éirinn i ndeireadh an 16ú hAois bhí Gráinne Ní Mháille (nó Gráinne Umhaill, mar a thugtaí uirthi) i réim ar chósta thiar Chonnacht. Ghearradh sí cáin ar longa tráchtála a bhí ag triall ar Ghaillimh, agus bhí caisleán aici ar Oileán Cléire. Gailléithe a bhí sna longa a bhí aici, agus fir de chlainne Mhic Conraí agus Mhic Conaola a bhí ina mbádóirí aici. Nuair mnach mbíodh sí fostaithe ag iompar saighdiúirí Albanacha chuig na taoisigh i gConnachta bhíodh sí páirteach in ionsuithe ar a cuid naimhde. De réir chuntas amháin throid sí cath farraige le corsaer Turcach.