Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Léitheoireacht an tSamhraidh: Kíor Thuathail

Scéinséir mór gréine é seo a choinneoidh an bháisteach uainn an samhradh seo — agus a thabharfaidh blaiseadh de chultúr na Meánmhara dúinn, cuma cá mbuilfimid fúinn. Scéal triúr comrádaithe a d'fhás suas ar shráideanna grianlasta Mharseille, agus grá acu don aon bhean amháin, atá in Kíor Thuathail (Total Khéops) le Jean-Claude Izzo. Dlúthchairde iad, scartha ó chéile ag an saol, agus tugtha ar ais le chéile ag an mbás.

Izzo​​​File, iriseoir,  agus úrscéalaí as Marseille ab ea Jean-Claude Izzo, scríbhneoir a bhain cáil amach lena shraith úrscéalta faoin gcarachtar Fabio Montale. Is i gcathair Mharseille na Meánmhara a suitear na scéalta, agus tá scannán déanta den chéad úrscéal díobh, Kíor Thuathail (Total Khéops) agus Richard Bohringer sa phríomhpháirt — chomh maith le sraith teilifíse. Tá an t-úrscéal aistrithe go hiliomad teangacha.

Scéinséir Crua Fileata

Is í an file Corcaíoch Bernadette Nic an tSaoir a rinne an t-aistriúchán, agus cé go bhfuil na blianta caite aici i mbun aistriúcháin, agus dornán leabhar filíochta foilsithe aici, seo é an chéad aistriúchán liteartha dá cuid.

Kíor ThuathailDéantar cur síos ar úrscéalta Izzo mar 'Marseille Noir', agus, go deimhin, is scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara Kíor Thuathail. Scéal triúr atá ann — Ugo, Manu agus Fabio — triúr a d'fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille agus a raibh grá acu don aon chailín amháin, don ghiofóg álainn Lole.

Déanann Izzo cur síos ar Lole:
"Bhí sí ina seasamh. Go díreach, mar ba dhual di. A dhá lámh go doimhin i bpócaí a róba folctha a bhí ar dhath na tuí. Chaith an dath geal úd luisne chrónbhuí ina grua agus maise ar an bhfolt gearr ciardubh. Bhraith sé go raibh na cromáin chun feola aici, ach ní raibh sé cinnte. I mbun a méide a bhí sí anois, ach fós mar an gcéanna. Lole, an Ghiofóg. Álainn, mar a bhí riamh." 

Dlúthchairde ab ea an triúr le linn a n-óige. Scarann an saol iad, ach tugann an bás ar ais le chéile iad.

Marseille Noir na Meánmhara

Is álainn, ceolmhar an cur síos atá ag Izzo ar Mharseille san úrscéal garbh aicsin seo — ó chúlsráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.  Agus é sin againn i nGaolainn bhríomhar fhileata Bhernadette Nic an tSaoir.

Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar shaothar Jean-Claude Izzo tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Cailleadh é sa bhliain 2000.

Marseille

Kíor Thuathail ar fáil ó Leabhar Breac.

Léigh sliocht as Kíor Thuathail

Fill ar News