176 lch, clúdach crua; ISBN 1 898332 59 6
"NA 10 nÚRSCÉAL IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID!" — Comhar
Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.'
Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.
Ní úrscéal réadúil eile é seo ná baol air ach úrscéal gríosaitheach, meabhraitheach, machnamhach. Más coitianta an t-úrscéal fealsúnachta i dteangacha eile na hEorpa is breac fánach fós a leithéid i litríocht na Gaeilge. Seo scéal ina bhfuil cúrsaí smaointeoireachta, curia mothuchán agus cúrsaí machnaimh lárnach seachas aicsean agus gníomhaíocht na gcarachtar. Pléisiúr é don léitheoir an leabhar seo a léamh, a athléamh agus a chogaint. Cruthúnas é Filleann Seoirse le hÉilís Ní Anluain go bhfuiltear ag iniúchadh “the problems of today fearlessly dealt with in Irish: the loves and hates and desires and doubts of modern men and women” mar a mhol an Piarsach i 1906. Leag uait é seo go beo más leabhar deas éadrom atá uait; ábhar machnaimh é seo a ardaíon ceisteanna. Leabhar as traidisiún na hEorpa a chuireann crot na scéalaíochta ar chruacheisteanna agus ar aincheisteanna é Filleann Seoirse ach iad á gcíoradh ó thaobh na mban de in Éirnn ár linne. — Dr Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame
Rud nach bhfuil déanta ag mórán úrscéalaithe Gaeilge .i. an teannas sa saol pósta agus an caidreamh idir dhaoine a léiriú. Míreanna an-láidir sa scéal a mheabhraíonn Virginia Woolf agus Simone de Beauvoir dom. Léirítear ann aigne agus íogair an tráchtaire go seoigh. — Diarmuid Ó Gráinne
Guth nua le scéal síoraí, á insint le fuaimint ag fíorscéalaí. Beidh do chroí i mbarra do mhéire agat agus an scéal taibhseach seo á léamh agat. — Seán Mac Mathúna
Is eolgaisí gach aon duine mar gheall orthu féin fé dheireadh an leabhair.... Stíl lom dhíreach a iompraíonn na mothacháin atá á nochtadh aici. — Alan Titley, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG
Fileata, scríobhann sí ar nós péintéara. — Éils Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG
Úrscéal réadúil, liriciúil, liteartha.... B'fhiú fanacht leis. — Aingeal de Búrca, Comhar.
Ní Anluain's ability to catch day-to-day life and nuanced feeling is enviable, and she has crafted a very contemporary dialect.... Here is an accomplished author. One looks forward to her next book. — Pól Ó Muirí, The Irish Times
Filleann Seoirse: Léigh sliocht as an leabhar
Léigh an léirmheas iomlán ar shuíomh an Irish Times
Físeán den údar ar clubleabhar.com
Filleann Seoirse ar fáil ar Amazon Kindle