Úrscéal a théann faoin gcraiceann, ó dhuine de na scríbhneoirí is cumasaí dár gcuid: ‘Chas Peadar Ó Luineacháin isteach i Sráid Dásoin. Chuir an róló seacláide deireanach ina bhéal is chaith an páipéar le casán....' Tá rud éigin cearr leis na príomhcharachtair san úrscéal seo. De réir mar a ghluaiseann an scéal ar aghaidh is ea a thuigimid gur scéal dorcha é seo. Úrscéal é seo atá i bhfad chun tosaigh (agus i bhfad níos fírinní) ná úrscéalta mórdhíola Richard Harris ar an ábhar céanna.
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.' Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.