Suite san Afraic atá an t-úrscéal saibhir seo — agus is deacair a chreidiúint nach Afracach a scríobh! ‘An raibh fhios agat go bhfuil ainm ar leith ar gach ceann dá siní? Tá. Agus tabharfaidh mé duit iad agus fáilte — an boza, an kota, an kamba, an ankra agus an dodo. Is é an dodo an ceann is faide. Ach má bhíonn sé cinn ann tugtar an ugu ar an gceann breise . . .'
Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.” Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é. An chéad úrscéal le Liam Mac Cóil, agus an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Daoradh bean Éireannach chun báis ar chúis asarlaíochta agus crochadh i mBostún Shasana Nua í ar an 16ú Samhain 1688. Tagann sí anuas chugainn sa stair faoin ainm ‘Goody Glover’, bíodh gurbh ainm sclábhaíochta é sin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh. Is é atá san úrscéal seo ná samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge.