Deich gcinn d'aistí tathagacha ag údar éagsúla san eagrán seo, mar shampla 'Scoil an Mhisiúin san Oileán Tiar: Conas a fuair Tomas Ó Criomhthain an léamh agus an scríobh?' le Muiris Ó Conghail. Tuilleadh le Padraig Ó Baoighill, Deirdre Ní Chonghaile, Máirtín Ó Murchú, Brian Ó Catháin, Tadhg Ó Dúshláine, Pádraig Ó Cíobháin, Sorcha de Brún, Liam Ó Flaithearta, Tracey Ní Mhaonaigh, Brían Ó Maonaigh agus trácht ar phictiúir de cuid Shinéad Ní Mhaonaigh le hArmelle Skatulski agus Tasmin Snow.
Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi. Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air. “Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” —Liam Mac Cóil "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta.... Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird." —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach." — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla." — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books Léirmheas ar Scéal Ghearóid Iarla ar an Dublin Review of Books Scéal Ghearóid Iarla ar Clubleabhar.com Físeáin Máire Mhac an tSaoi ag léamh as Scéal Ghearóid Iarla Agallamh le Máire Mhac an tSaoi faoi Scéal Ghearóid Iarla Scéal Ghearóid Iarla ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Dornán breá scéalta ó Sheanadh Farracháin i nDúiche Sheoighe curtha in eagar ag Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, agus cur síos breá ar thraidisiún na scéalaíochta sa phobal sin. Bhí sé mar bhunaidhm ag Coimisiún Béaloideasa Éireann, a bunaíodh sa bhliain 1935, béaloideas na tíre a bhailiú agus a chaomhnú ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan do lucht acadúil agus don phobal i gcoitinne. Is é atá sa leabhar seo ná staidéar ar thraidisiún na scéalaíochta mar a léirítear é san ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol i scoil amháin, Scoil Náisiúnta Sheanadh Farracháin i nGaeltacht Dhúiche Sheoigheach.