Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d'fhág sí ina diaidh sa tseanscoil.
1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.
Teach caifé é Aiséirí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a théann Rebekka ag obair ann athraíonn a saol féin ó bhonn. Ealaíontóir óg, anamúil í as an Ísiltír a chuireann anam agus brí nua sa chaifé Gaelach. Tá cultúr an tí chaifé san fhuil aici. Trí shúile Rebekka a fhaighimid spléachadh úr ar shaol na Gaillimhe. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal Aiséirí - ní custaiméirí amháin iad - agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méid a thug go Gaillimh an chéad uair í.