Hergé

Ainm cleite an chartúnaí Bheilgigh Georges Prosper Remi (1907—1983, ab ea Hergé. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach le hEachtraí Tintin, ceann de na sraitheanna coimicí Eorpacha ba cháiliúla sa 20ú hAois.

Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock    
Tuilleadh
Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Haileabó air le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock.

Tuilleadh