Liam Mac Cóil

Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse.

Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár, chomh maith le leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford a foilsíodh in 2010.  Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006. Chomh maith lena shaothar do dhaoine fásta tá leabhar sa tsraith Scéalta Staire scríofa ag Liam Mac Cóil, Toirealach Ó Cearúlláin. Tá aistriúcháin déanta ón mBreatnais freisin aige, Tiocfaidh Lá le Ffred Ffransis (Carbad, 1977), agus Saibhreas Chnoic Chaspair le J. Selwyn Lloyd (An Gúm, 1981), agus d’fhoilsigh sé stair a áit dhúchais féin, The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981). I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam ina eagarthóir ar an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris.

D'fhoilsigh Leabhar Breac an t-úrscéal is deireanaí leis, An Litir, scéinséir staire a suitear in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa sa bhliain 1612. Foilseofar úrscéal nua sa tsraith sin, I dTir Strainséartha, i 2014.

"There is no other novelist in Irish today who writes with the same care, precision and clarity." — Alan Titley, The Irish Times

Físeán de Liam Mac Cóil ag labhairt ar an scéalaíocht

Físeán de Liam Mac Cóil ag labhairt ar theanga an úrscéil

Tuilleadh....,

In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.

Tuilleadh
Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh  leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios  aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé  aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh  a bhealaigh i dtreo an tsolaisÚrscéal fealsúnach é seo le duine de  phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i  bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na  foilsitheoireachta. Féachann An Choill le dul i ngleic  le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo  an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh.  Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B'fhéidir gurb é  scéal gach aon duine é.  

Tuilleadh
AN DARA LEABHAR SA tSRAITH 'LUCÁS Ó BRIAIN' (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.
Tuilleadh
Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an tSasanachais, mar atá déanta sa leabhar seo a théann i ngleic le ceist an Éireannachais agus le ceist an tSasanachais, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d'Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.
Tuilleadh
Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.” Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é. An chéad úrscéal le Liam Mac Cóil, agus an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.
Tuilleadh
Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
Tuilleadh

Nuair a hiarraidh ar an údar ábhar a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar theanga na Gaeilge sa bhliain 2000, agus sin, dá mb'fhéidir é, i bhfoirm dialainne, fuair sé amach go raibh uirlis curtha ina lámha ag An Aimsir Óg lena bhféadfadh sé scrúdú a dhé

Tuilleadh