Cnuasach iomlán de na scéalta grinn a chum Pádraic Ó Conaire faoin gcarachtar Fearfeasa Mac Feasa, agus a chuid ábhaillí.
"Leabhar daoithe féin Fearfeasa Mac Feasa. Fear dó féin Fearfeasa; agus dar leat gurb é Pádraic é féin é. Fear siúlach scabthach, intleachtach, magúil, cleasach, lách. Is fiú an leabhar a léamh ar mhaithe leis an méid de nadúir Phádraic atá inti. Dar leat gurb é a bheatha féin a scríobh sé agus giota beag léi." — Seosamh Mac Grianna
Iarshagart ar oilthireacht go Baile Átha Cliath, Luan Cásca 2016 agus é ag tabhairt aghaidh ar Ardoifig an Phoist. Tá a chros féin le hiompar aige, agus cúpla cloch sa mhuinchille. Seo é an dara húrscéal le húdar Súil le Breith agus An tAinmhí, agus duine de na scríbhneoirí is rathúla sa Ghaeilge.
Bailiúchán aistí ar Phádraic Ó Conaire a d'eascair as an tsraith léachtaí a chraolaigh Raidió na Gaeltachta dá chomóradh céad bliain i 1982. Ar na scríbhneoirí tá an tSr Eibhlín Ní Chionnaith, Aisling Ní Dhonnchadha, Pádraigín Riggs. Geraróid Denvir, Declan Kiberd agus Seán Ó Conghaile. Mar aguisín leis na haistí, tá liosta saothair Phádrai Uí Chonaire cuimrithe ag an tSr Eibhlín Ní Chionnaith, áis fíorluachmhar do mhic léinn agus do lucht taighde.
Suite san Afraic atá an t-úrscéal saibhir seo — agus is deacair a chreidiúint nach Afracach a scríobh! ‘An raibh fhios agat go bhfuil ainm ar leith ar gach ceann dá siní? Tá. Agus tabharfaidh mé duit iad agus fáilte — an boza, an kota, an kamba, an ankra agus an dodo. Is é an dodo an ceann is faide. Ach má bhíonn sé cinn ann tugtar an ugu ar an gceann breise . . .'
Teach caifé é Aiséirí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a théann Rebekka ag obair ann athraíonn a saol féin ó bhonn. Ealaíontóir óg, anamúil í as an Ísiltír a chuireann anam agus brí nua sa chaifé Gaelach. Tá cultúr an tí chaifé san fhuil aici. Trí shúile Rebekka a fhaighimid spléachadh úr ar shaol na Gaillimhe. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal Aiséirí - ní custaiméirí amháin iad - agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méid a thug go Gaillimh an chéad uair í.
Bailiúchán nua aistí ar an bpleanáil teanga, agus diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phobal na féiniúlachta Gaeilge.
Tá rian na drámaíochta ar phlota cliste an leabhair seo, rud a mbeifeá ag súil leis ó fhear a bhfuil cáil go forleathan air mar aisteoir i sobaldráma TG4, Ros na Rún. Is thar thrí ghlúin a thiteann an scéal eachtrach seo amach, a bhfuil an grá, an naimhdeas, an feall agus an dúnmhárú fite fuaite ann. Tá oiliúint le fáil sa leabhar chomh maith ar stair shóisialta Chonamara - ar lámh láidir na hEaglaise, ar an scoilt idir an uasaicme le Béarla agus gnáthmhuintir na Gaeltachta, agus ar bhád bán na himirce.
Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ar Lámh Láidir, agus bronnadh duais Oireachtais sa chomórtas Úrscéal don Phobal 2002 ar an saothar seo chomh maith.
1902420799
This novel has a dramatic plot that spans 3 generations. It tells a story that is sometimes tragic, sometimes funny, and features love, friendship, betrayal and murder. As well as being entertaining, the book is a lesson in the social history of Connemara. It explores the daunting authority of the Church, the chasm that divided the English-speaking elite from the Irish-speaking working-class and the painful reality of emigration.
Lámh Láidir was awarded the Cló Iar-Chonnachta Literary Prize, in conjunction with Údarás na Gaeltachta. It was also awarded the top prize in the Oireachtas Literary competition 2002.
Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d'fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach.
Is fada ó tháinig úrscéal Gaeilge ó Ghaeltacht Thír Chonaill, agus níl amhras ar bith ach gurb é oidhre na nGrianach an file agus scríbhneoir Cathal Ó Searcaigh.
Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal faoi bheirt spailpíní, George agus an fathach mór 'simplí' Lennie, i gCalafóirne sna 1930dí. Sa rainse ina bhfaigheann siad fostú, tá bean óg dhathúil. Is é an dúil atá aicise sna fir, agus an t-éad atá ina fear céile, agus an tsoineantacht atá in Lennie, is bunábhar don tragóid atá in Ar Luch agus ar Dhuine.