Ar Luch agus ar Dhuine

John Steinbeck

16.00

Ar Luch agus ar Dhuine; 120 lch; clúdach crua; 978 1 911363 22 4

Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020

Eagrán álainn Gaeilge í seo den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Ghnóthaigh an t-aistriúchán seo gradam de Bhaldraithe ag Oireachtas na Gaeilge 2020.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.

An Aisling a Thiteann faoi Mheáchan Mór na Cinniúna

‘Níl a fhios cá mhéad fear a tháinig an bealach seo le mo linn agus an smaointiú amaideach céanna sin ina gceann agus a mbunal ar a ndroim. Na céadta acu. Fanann siad tamall agus imíonn siad arís; agus níl aon fhear acu nach bhfuil spleotán beag inteacht talaimh ar shiúl sa cheann dó. Agus dheamhan duine riamh acu ar éirigh leis an spleotán sin a fháil.’

An coimheascar idir an dóchas agus an díomua, sin é príomhthéama Ar Luch agus ar Dhuine. Feicimid aisling á cumadh ach, faoi bhuaic an scéil agus an aisling sin á fíorú, titeann sí faoi mheáchan mór na cinniúna.

An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas

Tá an leabhar seo ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.

“Tá cuma iontach ar an leabhar …. Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine.” — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR.

Gradam Buaite ag Ar Luch agus ar Dhuine

Léigh an léirmheas ar LéannTeanga

Léigh sliocht as Ar Luch agus ar Dhuine

Out of stock