Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus cé hé an ceoltóir bocht atá ar thóir na feadóige?
Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid!