Robert Louis Stevenson

Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban. Ba úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúchán déanta ar an shaothar. Bhí an tsláinte go dona aige i gcaitheamh a shaoil agus, dá bharr sin, in 1890 chuaigh sé go Samó san Aigéan Ciúin le cur faoi, agus ba ann a bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó.

Saothar

Ar a shaothar tá Oileán an Órchiste (Treasure Island), A Child's Garden of Verses, An Fuadach (Kidnapped), agus The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde. Tá Oileán an Órchiste (aist. Darach Ó Scolaí, 2013) agus An Fuadach (aist. Leon Ó Broin, 1931; Darach Ó Scolaí, 2016), ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an neamairt a rinneadh ina shaothar sa 20 hAois, aithnítear anois é ar dhuine de mhórscríbhneeoirí an Domhain.

Péire de chlasaicí móra na heachraíochta ar aon phraghas amháin: Oileán an Órchiste agus An Fuadach le Robert Louis Stevenson. Dhá úrscéal a thugann ó mharú an tSionnaigh Rua muid i nGaeltacht na hAlban go dtí Long John Silver agus órchiste foghlaithe mara. Tá scleondar agus scéin sa dá úrscéal a choinneoidh ag iompú na leathanach thú.

Tuilleadh
Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu. Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James 'coróin agus príomhbhua an ealaíontóra'. San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.
Tuilleadh
Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.
Tuilleadh