"Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh
Ar fheirm mhuintir La Tour i Nova Scotia tá Gealach, ceann de na capaill ráis is fearr i gCeanada. Agus í á tabhairt i mbád trasna an chuain titeann Gealach san fharraige. Sa cheo trom imíonn an capall as radharc. Cuirtear saol na feirme bunoscionn. Ní chreidfidh an cúpla, Jack agus Liz, go bhfuil Gealach báite, agus téann siad ar a tóir. Ach tá an t-am ag sleamhnú: tá fiacha móra ar an bhfeirm agus, gan Gealach, caillfidh siad an teach agus gach rud atá acu. Ní hamháin sin, ach tá searrach á iompar ag Gealach agus má tá sí fós beo, caithfidh siad teacht uirthi go tapa!
Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d'fhág sí ina diaidh sa tseanscoil.
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-1-909907-76-8 1916, cabhraíonn Corto leis an mbeidiúnach El Oxford an prionsa óg Saoud a shaoradh ó phríosún i lár an fhásaigh in Éimin, áit a bhfuil sé á choinneáil ag a uncail Abdul agus an garastún Turcach. Tagann Cuis, gaiscíoch óg Danaicíleach de threibh Beni Amer, i gcabhair orthu. Cé go gcuireann béasa Chuis isteach ar Chorto Maltese, is sa troid a nochtar cumas an fhir seo....
Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil sa ghnó a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti. Chun éad a chuir air glacann sí le cuireadh dul amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite.