Éilis Ní Anluain
Scríbhneoir í Éilis Ní Anluain a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhfuil a saol fásta caite aici i mBré, Contae Chill Mhantáin. Tá aistí ar réimse leathan ábhar foilsithe aici in irisí éagsúla agus san Irish Times. Is í a chur leabhar Mhuiris Mhic Conghaíl Aghaidheanna Fidil agus Púiciní (2009) in eagar, chomh maith le cnuasach aistí a hathar, Eoghan Ó hAnluain, Creidim Fós agus Aistí Eile (2013).
Foilsíodh an chéad úrscéal léi Filleann Seoirse i 2011, agus tá sí ag obair ar úrscéal nua, agus ar bhailiúchán aistí a fhoilseofar i 2014.
Físeán: Éilis Ní Anluain ag labhairt ar a húrscéal Filleann Seoirse
Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain€12.00
Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.' Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.