Naíonáin

Pictiúrleabhair a bheadh feiliúnach mar ábhar léitheoireachta do na Naíonáin Bheaga agus na Naíonáin Mhóra. Leabhair bhreátha soláimhsithe iad, déanta as cairtchlár nó as plaisteach bhog.

Leabhair ar fáil ar lacáiste speisialta 20% do scoileanna is do naíonraí, ach iad a ordú tríd an leathanach 'Teagmháil' nó glaooch orainn ag 091 593592.

Anocht, tá Macán Mac Tíre ina leaba. Ach tá sé dorcha ina sheomra, agus cá bhfios nach bhfuil púca i bhfolach faoin leaba? Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin. Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta!
Tuilleadh
Bhí mac tíre ann fadó agus, lá amháin, bhreathnaigh sé scathán agus dúirt sé leis féin gur mhaith leis a bheith ina shárlaoch. 'Beidh sé thar barr,' ar sé, ‘beidh culaith iontach orm, rachaidh mé i gcabhair ar dhaoine agus beidh gach duine an-mhór liom!'

Tuilleadh
Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta! Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Tuilleadh
Inniu, tá Macán Mac Tíre ag imeacht ar saoire — agus, den chéad uair riamh,  beidh sé ag taisteal in eitleán! Amanna, déanann Macán rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí.  Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.

Tuilleadh
Mac Tíre bocht, níl aon duine mór leis. Tá an
t-earrach tagtha agus tá na héin is na hainmhithe ag imeacht thart ina bpéirí go grámhar. Cá dtiocfaidh Mac Tíre ar a ghrá geal féin? Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéanann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl. Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil.

[localer:en]Poor Mac Tíre, nobody loves him. Spring is here and all the birds and the animals are going around lovingly in pairs. How will Mac Tíre find his own true love? A series of three picturebooks for 4-7 year olds. In these charming stories Mac Tíre the wolf has the same questions other children have—why is walking to tiresome? Why don’t I have a special friend? Why am I so scared? These beautiful picture books are easily handled by children and are ideal for reading aloud at home or at school.

Tuilleadh
Tá a gobán súraic caillte ag a dheifiúr BabaTíre. Tá sí trína chéile — an féidir le Macán cabhrú léi? Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí.  Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.

Tuilleadh

An Chóisir

€6.00
Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha. Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.
Tuilleadh

An Phicnic

€6.00
Tá Caitlín agus Cormac ag dul ar phicnic. Tá bord cearnógach acu, liathróid chruinn, agus puball triantánach. Cé na cruthanna eile a aithníonn tú? Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann lecruthanna. I gcomhthéacs turas picnice, taispeántar agus ainmnítear cruthanna (bord i gcruth cearnóige,puballigcruthtri-antáin, an ghrian i gcruth ciorcail srl.)
Tuilleadh
Táimid ag foghlaim faoin lá. Éiríonn caitlín agus Cormac ar maidin. Tá lá fada amach rompu, agus tá go leor le déanamh acu. Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann le gnáthaimh an lae ón mbricfeasta ar maidin go glanadh fiacla san oíche.
Tuilleadh