1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse, órchiste a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh sé teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín, fear atá á choinneáil i bpríosún brúidiúil Shamarkand. Agus láthair cogaíocht déanta den limistéir sin ag fórsaí na Tuirce, na Rúise, agus Shasana, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí, aisteoirí is saighdiúirí, diabhal-adhraitheoirí is feallmharfóirí, fir chróga is geilt, agus fiú leathcheann cúpla Chorto féin!
A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.
"Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar 'An Broc-Chú', taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar.
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
Tar éis tréimhse a chaitheamh ar a theitheadh sa Bhrasaíl, tá Guy Farkas 'An Broc-Chú' ar ais sa Fhrainc, agus é ar ar ais i mbun gnóthaí! Tá jab aige: teacht ar iarcheannaire an chomhlachta cógaísíocht idirnáisiúnta Duprat — fear atá ar a theitheadh ón dlí é féin — agus é a thabhairt ar láimh do na póilíní. Tóraíocht é seo a thugann é ar láithreáin scannánaíochta craicinn go dtí cóisir dhrúisiúil i chateau faoi rún agus go cillín i bpríosún Francach.
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.