Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an tSasanachais, mar atá déanta sa leabhar seo a théann i ngleic le ceist an Éireannachais agus le ceist an tSasanachais, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d'Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.
Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar na dánta ina gcomhthéacs stairiúil. Cuireann an leabhar seo lenár dtuiscint ar an bhfilíocht sin agus ar an athrú a tháinig le himeacht aimsire ar thuiscint na bhfilí féin ar an gcaidreamh daonna. Maisiú ar an leabhar is ea an stíl réidh sholéite tríd síos, agus is ábhar spéise a bhfuil le rá ag an údar faoi chuid de na dánta is cáiliúla sa Ghaeilge d’éinne a bhfuil spéis aici i dtraidisiún filíochta na Gaeilge.
Iris bhliantúil a dhíríonn ar ealaín an fhocail agus a chuireann leis an gcuspóir sin trí aird a dhíriú ar na healaíona eile, go háirithe ar an ealaín phictiúrtha. Ar na scríbhneoirí sa eagrán seo tá: Sorcha de Brún, Síle Denvir, Rody Gorman, Máirtín Mac Donnchadha, Máire Mhac an tSaoi, Eilís Ní Anluain, Bríd Ní Mhóráin, Micheál Ó Catháin, Peadaer Ó Ceannabháin, Geraldine O'neill, Gabriel; Rosenstock, John Walsh.