Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ. Ansin tagann fear na gcoláistí samhraidh len iad a thabhairt slán — nó an dtagann?
Nuair a théann cigire deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt Ghaeilgeoirí dúchasacha deireanacha ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh.
An chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. Rinne Taibhdhearc na Gaillimhe camchuairt na tíre i 2005 leis an dráma seo. Tá an dá dhráma eile sa triológ, Coinneáil Orainn agus Craos, ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac.
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.