Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. 'Caol an Iarainn is ainm dom,' a dúirt sé. 'Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.' Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. 'Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,' a dúirt Bodach an Chóta Lachna.
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní bhfuair gach aon duine cuireadh. Tá sióg ghránna amháin nach bhfuil an-sásta nach bhfuair seisean cuireadh chuig an mbainis, agus nuair a thagann sé chuig an mbainis ní ceiliúradh ata ar intinn aige!
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh (nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí!
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!
Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a imríonn siad ar a chéile. Is mór an ghráinn an tUasal Ó Gamail agus a bhean. Déanann siad píoga de na héin bhochta agus itheann siad iad, agus coinníonn siad na moncaithe, Muintir Mhugal-Bhump, faoi ghlas. Ach tá deireadh tagtha le foighne na moncaithe. Agus tá díoltas uathu.