The history, folklore, and the stories of the parish and people of Muycullen in Connemara, collected in this beautiful volume by a writer who was born and reared in the parish. There is much here to delight the reader who has in interest in our people's culture, and over 80 items of folklore brought together here — pishrogues fairy tales, humorous tales, rhymes and much more.
Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2004. "Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, maraon leis an ngearrscéalí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain, mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir. Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr dá bhfuil á chumadh go hidirnáisiúnta."
Cnuasach iomlán de na scéalta grinn a chum Pádraic Ó Conaire faoin gcarachtar Fearfeasa Mac Feasa, agus a chuid ábhaillí.
"Leabhar daoithe féin Fearfeasa Mac Feasa. Fear dó féin Fearfeasa; agus dar leat gurb é Pádraic é féin é. Fear siúlach scabthach, intleachtach, magúil, cleasach, lách. Is fiú an leabhar a léamh ar mhaithe leis an méid de nadúir Phádraic atá inti. Dar leat gurb é a bheatha féin a scríobh sé agus giota beag léi." — Seosamh Mac Grianna
Athinsint bhreá nua-aimseartha le Pádraic Ó Conaire i nGaeilge dhúchasach shimplí ar trí thragóid mhóra na nGael — Oidhe Chlainne Uisnigh, Oidhe Chlainne Lir, agus Oidhe Chloinne Tuireann, faoi aon chlúdach amháin, agus iad maisithe le líníochtaí gleoite
Bailiúchán den bhealoideas a chruinnigh daltaí scoile i gceantar Cheathrú Thaidhg do Scéim na Scol, mar a tugadh uirthi. I gcnuasach na ndaltaí as Iorras ta idir sheamnscealta, fhinscéalta, amhráin, phaidreacha, sheanfhocail, agus tomhaiseanna, agus cur s
Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán, 2015, i mBaile Átha Cliath, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh. Sé úrscéal déag a roghnaíodh ar deireadh, agus faoi chlúdaigh an leabhair seo tá blaiseadh den mhéid a bhí le rá ina leith.