Ceiliúradh Mór Leabhar Breac: 25 Bliain i gCló
Réimse Mór Leabhar ar Lascaine

To-rai-ocht_Dhiarmada_agus_Ghra-inne.jpg

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

€16.00

Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d'Fhionn agus don Fhiann. Dá thoradh sin, teitheann an bheirt roimh dhíoltas Fhinn, cuirtear an tóir orthu, agus tugtar an léitheoir ar camchuairt trí dhomhan na fiannaíochta — domhan ina gcastar orainn Oisín, Oscar, Caoilte, Aonghas an Bhrogha, an Searbhán Lochlannach, trí rí-fhéinní Mhara nIocht agus a dtrí chú nimhe, Conán mac an Léith Luachra, agus go leor eile de mhóra agus de mhionphearsana na Féinne. Tour de force fiannaíochta is ea an t-ardsaothar seo ón 14ú hAois atá curtha in eagar dúinn ag Nessa Ní Shéaghdha.

“Ach oiread le haon scothshaothar ealaíne eile, caitheann an Tóraíocht a sholas féin ar na cúinní dorcha i gcroí diamhair an duine. Ní móide go n-ídeofar a bhrí go mbeidh deireadh le suim an duine sa chroí daonna.” — Dr Louis de Paor