Seán Mac Mathúna
Úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna.
Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge a gus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis, Gadaí Géar na Geamhoíche/The Winter Thief in Amharclann na Mainistreach, agus Hula Hul sa Taibhdhearc. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis Banana Gradam Uí Shúilleabháin i 1999, agus foilsíodh úrscéal gearr leis i 2005, Scéal Eitleáin. Foilsíodh rogha dá chuid gearrscealta sa chnuasach Úlla i 2005. Sa bhliain 2008 foilsíodh a úrscéal mórdhíola Hula Hul, agus i 2010 foilsíodh Gealach. Foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí leis, Doras Fuinneog Scuab i 2015.
Léirmheasanna
“Tuigeann Mac Mathúna síceolaíocht; tuigeann sé éad, saint, sotal, urraim agus grá, agus bíonn iomlán léir na nithe sin ag iomarscáil lena chéile sna carachtair a chruthaíonn sé.” Pól Ó Muirí, The Irish Times
“One of the best books I have read for decades. Mac Mathúna has brought back something to the short story that has been missing since Joyce." Brendan Kenelly, ‘Books and Company’, RTÉ
"Stories told with brilliant verce, parodic skill and surreal competence, the savagery of the satitre mitigated on every page by thoughts and turns of phrase that make the reader stop his quiet chuckling and laugh out loud." Sean McMahon, The Irish Independent
"Tagann sciatháin faoin bprós agus crochann siad an léitheoir chun siúil i dtreo na síoraíochta nó 'go háit ná feadar." Eoghan Ó hAnluain, Feasta.
Úrscéalta
Doras Fuinneog Scuab I(Leabhar Breac, 2015)
Cros na Sceilge (Coiscéim, 2013)
Gealach (Leabhar Breac, 2012)
Hula Hul (Leabhar Breac, 2007)
Scéal Eitleáin (Coiscéim, 2005)
Baiiúcháin Ghearrscéalta
Úlla (Cois Life, 2005)
Banana (Cois Life, 1999)
Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983)
The Atheist and Other Stories (Wolfhound, 1987)[aistriúchán an údair féin ar Ding agus Scéalta Eile]
Drámaí
Hula Hul (An Taibhdhearc)
Gadaí Géar na Geamhoíche/The Winter Thief (Amharclann na Mainistreach, 1992)
Eile
Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2009)
Blas (An Comhlacht Oideachais, 1979)
Ráfla (An Comhlacht Oideachais, 1978)